Tá leagan Gaeilge den suíomh seo á ullmhú faoi láthair agus ní fada go mbeidh an leagan iomlán ar fáil.
Buanionadaíocht na hÉireann chuig an AE
Ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na hÉireann san Aontas Eorpach is gnó dúinn. Tugann an Bhuanionaíocht státseirbhísigh ó bheagnach gach Roinn Rialtais le chéile faoin aon díon, agus dá bhrí sin ise an misean taidhleoireachta Éireannach is mó dá bhfuil ann.
Croílár ár gcuid oibre is ea leasanna na hÉireann a chur chun cinn is a ionadú i gComhairle na nAirí. I gcroílár na cinnteoireachta san AE atá an Chomhairle. Tá breis eolais ar fáil fúinne agus faoina mbíonn ar siúl againn faoi gach foirmíocht Comhairle thíos:
COREPER – Coiste na mBuanionadaithe
Bímid ag obair go dlúth freisin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún Eorpach
Pléann Rannóg an Phreasa le fiosruithe ó na meáin faoi Éirinn san AE
Tá Rannóg na bhForas freagrach as raon saincheisteanna leathana, ina measc teagmháil leis na forais eile agus go háirithe le Parlaimint na hEorpa.
Bíonn an Rannóg Ioncaim agus Custaim ag plé le beartas straitéiseach is le gnóthaí teicniúla a bhaineann le custam.
Maidir le hobair na rannóg eile, féach faoi fhoirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle thuas.
Do bhreis faisnéise faoi sheasamh náisiúnta na hÉireann faoi cheisteanna beartais éagsúla AE, ba cheart duit suíomhanna gréasáin na Ranna, na nOifigí is na nGníomhaireachtaí Rialtais cuí a cheadú.
Ní cead na sonraí teagmhála a thugann an suíomh gréasáin seo a úsáid do thurscar, srl.